Bhí ana-lá againn ar Oileán Béarra ar an Déardaoin, 6 Deireadh
Fómhair, 2022. Naonúr is triocha a bhí ar an dturas. Bhí seans
againn leis an aimsir- spéartha gorma os ár gcionn agus ní fhacamar
braon báistí. Breandán Ó Múrchú a bhí i bhfeighil an bháid
farrantóireachta. Nuair a thángamar i dtír bhí tae, caifé agus toirtíní
úra ullamh ag Edel, bean chéile Bhreandáin, dúinn. Bhí ár dtreoraí,
Barry Hanley, ar fheabhas. Saineolaí amach is amach ar stair an
oileáin. Tar éis na siúlóide, isteach linn sa bhialann, The Bakery, mar
a raibh béile blasta ag fanacht linn. Tá ana-chreidiúint tuillte ag Clare
Shelley, Kathleen agus Leo Lowney as ucht lá fíor-thaitneamach a
eagrú. Míle buíochas chomh maith don RTAI, Barry Hanley, do Edel
agus Breandán Ó Murchú agus do na cailíní a thug seirbhís dúinn sa
bhialann. Bhíomar ar ais ar an míntír timpeall a cúig a chlog.
Helena Lordan