Tá Grúpa Drámaíochta an RTAI ag eagrú seó an Fhomhair faoi láthair. Taréis roinnt cruinnithe san SMA i Wilton I Mí na Bealtaine, tá an clár nach mór socraithe anois. Bheadh fáilte is fiche roimh bhaill nua, idir aisteoirí, scríobhnóirí nó éinne gur mhaith bheith leo bheith bainteach i slí ar bith leis an ngrúpa. Téigh i dteagmháil le Marian má tá suim agat bheith linn- 0864072037.
Ba bhreá linn dráma aon-ghníomh nó sceits as Gaeilge a léiriú i mbliana. An bhfuil script nó smaoineamh do script agat? An scríofá sceits nó dráma dúinn?
Slí iontach isea an drámaíocht chun cairde nua a dhéanamh, bíonn an chraic go diail ar fad agus is mór an sásamh bheith ar stáitse. Is iontach an rud é an lucht féachana a shásamh agus go deimhin táimíd fíor-bhuíoch as an dtacaíocht dhílis a thugann sibh dúinn.
Táimíd ag tnú go mór le Mí Dheireadh Fomhair agus Mí na Samhna 2019 le seó úrnua.